The RIVERRUN Project will take its audience on a unique bi-lingual sonic, visual and literary voyage through the city of Dublin. Poets Dermot Bolger, Biddy Jenkinson, Máighréad Medbhand Liam Ó Muirthile will read new work in English and Irish, evoking Dublin past and present, from Viking Dublin to the surreal landscapes of post Celtic Tiger Dublin, its ghostly apartment blocks and deserted housing estates. The poets will read to new music created by acclaimed musician and composer Seán Óg; graphic designer and artist Margaret Lonergan will create on-screen images of modern Dublin to accompany the performance.
Poet, playwright and novelist Dermot Bolger has long placed Dublin at the heart of his work, including the Ballymun Trilogy of plays set and performed in the working class suburb of Ballymun. Described by Ciaran Carson as ‘one of our greatest writers in any language’, Biddy Jenkinson’s latest collection is Oíche Bhealtaine. Máighréad Medbh’s poetry has been hailed by the Irish Times for its ‘heavily cadenced and song-like’ qualities; her latest collection is When the Air Inhales You. Liam Ó Muirthile is a potent performer of his work, and his most recent collection Sanas features a CD of him reading poetry to a sound-track created by singer and composer Iarla ó Lionáird.
Tabharfaidh an Tionscadal RIVERRUN a lucht féachana ar turas uathúil dátheangach sonach radharcach agus liteartha trí chathair átha Cliath. Léifidh na filí Biddy Jenkinson, Dermot Bolger, Maighréad Medbh agus Liam Ó Muirthile saothar nua i mBéarla agus i nGaeilge a chuirfidh an ardchathair mar a bhí agus mar atá inár láthair, ó Bhaile átha Cliath na Lochlannach go dtí tírdhreacha osréalacha na tréimhse a tháinig i ndiaidh bhás pianmhar an Tíogair Cheiltigh, bloic árasán na bpúcaí bochta is eastáit tithíochta na dtaibhsí dearóile. Cuirfidh an sárcheoltóir-chumadóir Seán Óg tionlacan leo; déanfaidh an dearthóir grafach Margaret Lonergan íomhánna ar scáileán de Bhaile átha Cliath ár linne a chruthú mar chuid den léiriú.
Is fada Baile átha Cliath mar chuid lárnach de shaothar Dermot Bolger, file, drámadóir agus úrscéalaí. Ní gá dúinn ach smaoineamh ar an 'Triológ Bhaile Munna' aige, na drámaí ata suite i gceantar an lucht oibre. Duine de na scríbhneoirí is mó atá againn i dteanga ar bith í Biddy Jenkinson, dar le Ciaran Carson. Oíche Bhealtaine an cnuasach is déanaí aici. Thagair an Irish Times do na 'heavily cadenced and song-like qualities' atá i bhfilíocht Mhaighréad Medbh. When the Air Inhales You an cnuasach is déanaí aici. Léitheoir láidir é Liam ó Muirthile. Sa chnuasach is déanaí uaidh Sanas tá dlúthdhiosca a dhearbhaíonn a cháilíocht mar fhile agus mar léitheoir, diosca ar a bhfuil fuaimrian a chum an t-amhránaí-chumadóir Iarla Ó Lionáird.
This event is kindly supported by IMRAM