A Gala Evening of Poetry, Prose & Song
Tonight the acclaimed singer Pádraigín Ní Uallacháin will sing work from her album Songs of the Scribe, inspired by ancient lyrics from scribes and hermit poets of early Ireland set to music in the traditional style. Her album has been praised by Seamus Heaney as ‘a uniquely delightful work, because of the beauty of the singing… because of the sweetness and sureness and clarity of the voice and voicing; because of the way the integrity of the verse line is respected; because of the singer’s at-homeness with the poems, in the music and in the modes.’ Pádraigín will be joined by Dónal O’Connor on fiddle and vocals; and Macdara Ó Graham on fiddle, vocals and Jew’s Harp.
Four writers will read specially commissioned work in Irish and English on the theme of ‘writing’. They include Éilís Ní Anluain, whose début novel Fillean Seoirse has just been published; novelist, and playwright Darach Ó Scolaí, whose bestselling novel An Cléireach won the 2007 Oireachtas Award for Literature and the 2008 Gradam Uí Shúilleabháin for Book of the Year. Joining them are Kevin Power, author of Bad Day at Blackrock, acclaimed by Frank McGuinness as ‘the defining story of his generation’, and winner of the 2009 Rooney Prize; and poet Leontia Flynn, praised by the Guardian as’ one of the most original and accomplished poets of her generation: her voice is distinctive, and her technique as lightly and deftly carried as her learning’.
This event has been co-curated by Liam Carson, director of IMRAM, and Liam Browne, director of the Dublin Writers Festival.
Songs of the Scribe
Mórócáid filíochta, próis agus amhránaíochta
Anocht canfaidh Pádraigín Ní Uallacháin saothar atá ar an albam suaithinseach aici Songs of the Scribe, albam atá faoi anáil na liricí ársa a bhreac scríobhaithe agus manaigh fadó agus ceol sa stíl thraidisiúnta curtha leo. Tá an saothar seo molta ag leithéidí Seamus Heaney a ndeachaigh áilleacht an ghutha i bhfeidhm air, an binneas ann, an tsiúráil agus an ghlaine, an meas a léiríonn sí ar an líne agus í chomh mór sin ag baile sna dánta agus sa cheol a ghabhann leo. I dteannta Phádraigín beidh Dónal O’Connor, fidléir agus amhránaí agus Macdara Ó Graham, fidléir, amhránaí agus seinnteoir an trumpa bhéil.
Beidh ceathrar scríbhneoirí ag léamh as saothar a coimisiúnaíodh go speisialta, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, ar théama na scríbhneoireachta féin, ina measc Éilís Ní Anluain a bhfuil an chéad úrscéal uaithi díreach foilsithe, Filleann Seoirse; an t-úrscéalaí agus drámadóir Darach Ó Scolaí, ar bhuaigh úrscéal móréilimh leis An Cléireach duais mhór Oireachtais sa bhliain 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin an bhliain dár gcionn. Ina dteannta siúd beidh Kevin Power, duaiseoir an Rooney Prize, údar Bad Day at Blackrock,, scéal a shainmhíníonn a ghlúin dar le Frank McGuinness agus an file Leontia Flynn, duine a seasann a saothar amach i ngeall ar na scileanna véarsaíochta agus an úrmhaireacht ann.
Coimeádaí na míreanna seo Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM, i gcomhar le Liam Browne, Stiúrthóir Fhéile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath