Lisín - Scoil na bPáistí Deasa Lisín School for Posh Kids le Patricia Forde agus Tadhg Mac Dhonnagáin Ranganna 1 – 3 (aois 7 – 9) Am 10.30 – 11.30 Bígí linn le Patricia Forde agus scéal Lísín á insint aici, Scoil na bPáistí Deasa. Foghlaí Mara is ea Lísín agus cuirtear brú uirthi freastal ar scoil. Tá a cuid comhghleacaithe saghas ardnósach ach tá sí deimhin de go múinfidh sí saol na bhfoghlaithe mara dóibh. Cloisfear amhráin tríd síos ó Thadhg Mac Dhonnagáin. Tá léaráidí gleoite san fhoilseachán nua seo. Patricia Forde tells the story of Lisín, a pirate who is forced to go to school, with songs from Tadhg Mac Dhonnagáin throughout.