An Reacaire agus An Pointe Féachana sa ghearrscéal
Ceardlann scríbhneoireachta gearrscéalta le hEoghan Mac Giolla Bhríde
Sa cheardlann seo, déanfar mionscrúdú ar ról an reacaire agus ar an phointe féachana i bpróiseas na scríbhneoireachta cruthaithí, agus fiosrófar cén dóigh is fearr leis ar an phointe féachana ceart a bhaint amach i bpíosa gearrfhicsean.
Beidh an cheardlann seo oiriúnach do scríbhneoirí gearrscéalta agus do dhaoine a bhfuil suim acu i bhficsean cruthaitheach go ginearálta. Tabharfar neart noda, comhairle agus samplaí úsáideacha le linn na ceardlainne.
Is scríbhneoir gearrscéalta agus scripte scannáin é Eoghan Mac Giolla Bhríde. Bronnadh duais Leabhar Gaeilge na Bliana ar an saothar Cnámh, an tríú cnuasach gearrscéalta leis, ag An Post Irish Book Awards 2020. Bronnadh duais an tsaothair próis ar an chnuasach sin ag Comórtas Litríochta an Oireachtais chomh maith. Bhí Eoghan ina chomhscríbhneoir ar na príomhscannáin Song of Granite agus Silence. Bhí príomhpháirt aige sa scannán Silence agus bronnadh Duais Michael Dwyer Discovery Award air as a ról sa scannán sin.
Tá áit sa cheardlann do 16 duine agus tá an cheardlann oiriúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an Ghaeilge.
Explore the ins and outs of the narrator and the point of view in the creative writing process, and how to get the right perspective in your short fiction.
Suitable for short story writers or anyone interested in creative fiction, this practical workshop is full of tips, advice and useful examples. Writer and screenwriter Eoghan Mac Giolla Bhríde’s third story collection Cnámh won the Irish Language Book of the Year award at the An Post Irish Book Awards 2020, as well as the prize for prose work in the Oireachtas Literature Competition. Eoghan co-wrote the films Song of Granite and Silence. He starred in Silence, receiving the Michael Dwyer Discovery Award for his role.
This workshop is capped at 16 and recommended for participants with a good level of Irish.
IMAGE: Dónall Glackin