Tá an-áthas ar IMRAM, Féile Litríochta na Gaeilge, an chéad cheann de shraith seimineár eagarthóireachta a reáchtáil a chuirfidh ar chumas ár gcuid foilsitheoirí Gaeilge, eagarthóirí
agus scríbhneoirí féachaint ar an bpróiseas eagarthóireachta, ón lámhscríbhinn go dtí an t-earra déanta.
Sa chéad seimineár, pléifidh Anna Heussaff agus a heagarthóir Lochlann Ó Tuairisg, an t-úrscéal léi Buille Marfach. Pléifear ceisteanna ar nós plota agus forbairt na gcarachtar. I nGaeilge a dhéanfar an plé sin. Tabharfaidh Jonathan Williams, gníomhaire liteartha, caint ar an méid eolais is gá a bheith ag scríbhneoirí maidir le conarthaí. Pleifidh Anthony Glavin ról an eagarthóra maidir le teacht ar scríbhneoirí agus maidir lena gcuid scríbhneoireachta a fhorbairt. Is i mBéarla a bheidh an dá chaint sin.
Saorchead isteach ach caithfear áit a chur in áirithe roimh ré. Iad siúd a bhfuil fonn orthu a bheith i láthair, ba chóir dóibh r-phost a chur chuig Liam Carson: liamog62@mac.com