Anocht cuirfidh IMRAM mórléiriú filíochta agus ceoil ar fáil, cuid den tallann úr ó ghort síorbhláfar na Gaeilge! Tá cur chuige éadrom fuinniúil ag an ngrúpa spleodrach Mo Hat Mo Gheansaí agus dalbacht pop sa chur i láthair aige cé go dtarraingíonn sé as foinsí traidisiúnta agus clasaiceacha araon. Tá a chéad bhailiúchán díreach eisithe ag Marcus Mac Conghail, file agus amhránaí. Ceol Baile is teideal dó. Tá leochaileacht mhealltach i ndéantús an fhile Doireann Ní Ghriofa, croí leochaileach ag cuimilt leis an ngnáthshaol agus déanfar comóradh ar shaothar nua an fhile óig seo anocht. Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis an bhfile rap Séamus Barra Ó Súilleabháin. Tá cáil dhomhanda ar Bhiddy Jenkinson ar ndóigh, na dánta léi ar maos le paisean is le greann. Leabhar nuafhoilsithe le Áine Ní Ghlinn is ea An Guth Baineann a bhfuil an-chaint cheana mar gheall air. Is é Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM, coimeádaí an tionscadail áirithe seo.
Tonight IMRAM presents a gala performance of some of the very best new poetry and music in the Irish language. Mo Hat Mo Gheansaí’s work is charged with a lightness of touch, informed by a cheeky pop sensibility, whilst drawing on folk, traditional and classical roots. Poet and singer Marcus Mac Conghail has just published his first collection Ceol Baile. Doireann Ní Ghríofa is a new, fresh voice whose work touches on the poetry of everyday life. Séamus Barra Ó Súilleabháin is a mesmerizing rap poet. Biddy Jenkinson is one of Ireland’s greatest poets, known for the passion and wit of her work. Áine Ní Ghlinn has just published An Guth Baineann, a potent series of poems giving voice to women’s lives in Ireland.
Curated by Liam Carson, IMRAM Irish Language Literature Festival.